Eoin 13 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XIII. Cosa a ḋeisgiobol á niġe ag Críost. Feall Iúdáis. An aiṫne nua, .i. aiṫne an ġráḋa. 1 Roiṁ lá ḟéile na cásga, ó ḃí ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagaiṫe ċun imṫeaċt as an saoġal so ag triall ar an Aṫair: ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuíntir féin, do ġráḋuiġ sé iad go deire. 2 Agus nuair a ḃí an suipéar críoċnuiġṫe, agus an diaḃal tar éis a ċur i gcroiḋe Iúdáis Iscariót, ṁic Ṡímóin go ndéanfaḋ sé é ḋíol, 3 Ó ḃí ḟios ag Íosa gaċ uile níḋ a ḃeiṫ taḃarṫa isteaċ ’n-a láiṁ dó ag an Aṫair, agus gur ó Ḋia a ṫáinig sé agus go raiḃ sé ag dul ag triall as Ḋia, 4 D’eiriġ sé ó’n suipéar, agus ḃain sé ḋe a ċuid éadaiġ agus ċeangail sé línéadaċ fan ċoím air féin. 5 Ansan ċuir sé uisge i mbáisín agus ċrom sé ar ċosaiḃ a ḋeisgiobul do niġe agus ar iad do ṫriomú leis an línéadaċ a ḃí fan ċoím air. 6 Ansan do ṫáinig sé go dtí Símón Peadar. Duḃairt Peadar leis: Tusa ag niġe mo ċos-sa, a Ṫiġearna? 7 D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leis: An rud atá agam-sa ’á ḋéanaṁ ní fios duit-se anois é; beiḋ a ḟios agat ar ball, áṁṫaċ. 8 Duḃairt Peadar leis: Ní níġfir mo ċosa-sa ḋóṁ-sa go bráṫ. D’ḟreagair Íosa é: Mura níġead tu ní ḃeiḋ páirt agat liom. 9 Duḃairt Símón Peadar leis: A Ṫiġearna, ní h-aṁáin mo ċosa, aċ fós mo láṁa agus mo ċeann. 10 Duḃairt Íosa leis: An t-é a níġtear ní gáḋ a níġe aċ a ċosa agus tá sé glan ar fad. Táṫaoi-se glan, aċ ní’l siḃ go léir glan. 11 Óir ḃí ḟios aige cé r’ ḃ’é an t-é a ḋíolfaḋ é; mar ġeall air sin iseaḋ a duḃairt sé: Ní’l siḃ go léir glan. 12 Ansan, nuair a ḃí a gcosa niġte aige agus a éadaiġe curṫa uime aige, agus é ’na ṡuiḋe airís duḃairt sé leó: An ḃfuil ḟios agaiḃ cad ’tá déanta agam daoiḃ? 13 Glaoḋann siḃ-se orm-sa Máiġistir, agus Tiġearna, agus tá an ceart agaiḃ, óir is mé san. 14 D’á ḃríg sin, má níġeas-sa ḃúr gcosa ḋaoiḃ-se agus gur mé an Tiġearna agus an Máiġistir, is ceart daoiḃ-se, mar an gcéadna, cosa a ċéile do níġe. 15 Óir tá sampla taḃarṫa agam daoiḃ, ionus fé mar tá déanta agam-sa ḋaoiḃ-se go ndéanfad siḃ-se mar an gcéadna. 16 Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ. Ní’l an seirḃíseaċ níos mó ’na a ṁáiġistir, ’ná ní’l an t-aspol níos mó ’ná an t-é ċuir uaiḋ é. 17 Má tá ḟios agaiḃ na neiṫe sin, is aoiḃinn daoiḃ má ḋeineann siḃ iad. 18 Ní’lim ag laḃairt oraiḃ go léir; aiṫním na daoine a ṫoġas: Aċ ionus go gcóṁlíonfí an Sgríḃinn: An t-é a ḋ’iṫeann arán am’ ḟoċair árdóċaiḋ sé a ṡál am’ ċoinniḃ. 19 Táim ’ġá innsint sin daoiḃ anois roim sé, i dtreó, nuair a ṫuitfiḋ sé amaċ, go gcreidfeaḋ siḃ gur mé atá ann. 20 Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ: An t-é a ġlacann aoinne a ċuirfead uaim, glacann sé mise; agus an t-é a ġlacann mise, glacann sé an t-é a ċuir uaiḋ mé. 21 Nuair a ḃí an méid sin ráiḋte ag Íosa ṫáiniġ buaireaṁ spioraide air agus do ḋeiṁniġ sé, agus duḃairt sé: Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ, déanfaiḋ duine agaiḃ-se mise ṫaḃairt i láiṁ. 22 D’ḟéaċ na deisgiobuil ar a ċéile agus mearḃall orṫa i dtaoḃ cé air gur laḃair sé. 23 Ṫárla go raiḃ ’n-a luiġe i n-uċt Íosa duine ḋ’á ḋeisgiobulaiḃ ba ró-ionṁuin le h-Íosa. 24 Agus do ḃagair Símón Peadar ċuige sin agus duḃairt sé leis: Cé h-é an t-é adeir sé? 25 D’á ḃríġ sin, duḃairt seisean, agus é ’n-a luiġe ar uċt Íosa: A Ṫiġearna, cé h-é féin? 26 D’ḟreagair Íosa: An fear go dtaḃarfad-sa blúire d’arán túmṫa dó, siné é. Ansan do ṫúm sé blúire aráin agus ṫug sé d’Iúdás Iscariót mac Ṡímóin é. 27 Agus i ndiaiḋ an ḃlúire aráin, ċuaiḋ Sátan isteaċ ann. Agus duḃairt Íosa leis: An níḋ atá agat ’á ḋéanaṁ, dein gan ṁoill é. 28 Agus ní raiḃ ḟios ag aoinne sa cuideaċtain cad ċuige go nduḃairt sé leis é. 29 Mar do ċeap cuid acu, ó ḃí an sparán ag Iúdás, gur ḃ’aṁlaiḋ aduḃairt Íosa leis: Ceannaiġ na neiṫe ṫeastóċaiḋ uainn i gcóir na féile; nó rud éigin a ṫaḃairt do sna daoine boċta. 30 Aċ nuair a ġlac seisean an blúire aráin d’imṫiġ sé amaċ gan ṁoill. Agus ḃí an oiḋċe ann. 31 Agus nuair a ḃí sé imṫiġṫe amaċ duḃairt Íosa: Tá glóire fáġalta anois ag Mac an Duine, agus tá glóire fáġalta ann ag Dia. 32 Má tá glóire fáġalta ag Dia ann taḃarfaiḋ Dia, leis, glóire ḋó-san ann féin, agus taḃarfaiḋ sé glóire ḋó gan ṁoill. 33 A ċlann ó, táim i nḃúr ḃfocair tamall beag fós. Beiḋ siḃ a’m lorg agus mar aduḃart leis na Iúdaiġ, An áit ’n-a ḃfuilim ag dul ní féidir daoiḃ-se teaċt ann; deirim liḃ-se anois é. 34 Tá aiṫne nua agam ’á ṫaḃairt daoiḃ: go mbeaḋ gráḋ agaiḃ d’a ċéile; fé mar a ṫugas-sa gráḋ ḋaoiḃ-se go dtaḃarfaḋ siḃ-se gráḋ d’á ċéile. 35 As san iseaḋ a ḋ’ aiṫneóċaid na daoine go léir gur siḃ mo ḋeisgiobuil-se, má ḃíonn gráḋ agaiḃ d’á ċéile. 36 Duḃairt Símón Peadar leis: A Ṫiġearna cá ḃfuilir ag imṫeaċt? D’ḟreagair Íosa: An áit ’n-a ḃfuilim ag imṫeaċt ní féidir duit-se mé a leanṁaint ann anois; leanfir me áṁṫaċ ’n-a ḋiaiḋ so. 37 Duḃairt Peadar leis: Cad ’n-a ṫaoḃ náċ féidir dom ṫú a leanṁaint anois? Taḃarfad m’anam ar do ṡon. 38 D’ḟreagair Íosa é: Taḃarfair t’anam ar mo ṡon? Go deiṁin, deiṁin, adeirim leat, ní ġlaoḋfaiḋ an coileaċ sar a séanfair trí h-uaire mé. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society