Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XII. Cosa Ċríost d’á n-ungaḋ. A ḋul isteaċ i gcaṫair Ierúsalem ar muin asail. An guṫ ó neaṁ.

1 Aċ sé lá roim ḟéile na cásga ṫáinig Íosa go Betánia mar a ḃfuair Lasarus bás agus gur ṫóg Íosa ó’n mbás é.

2 Agus ḋeineadar féasta ḋó ann, agus ḃí Marta ag frioṫálaṁ, agus duine de’n ċuideaċtain a ṡuiḋ ċun bíḋ i n’ḟoċair ab eaḋ Lasarus.

3 Agus ṫóg Máire púnt meaġċaint d’ola ana-uasal, de spícnárd ḋílis, agus ċuir sí ar ċosaiḃ Íosa é, agus ansan do ċimil si a ċosa le n-a gruaig; agus do líonaḋ an tiġ de ḃaluiṫ ċúṁra an spícnáird.

4 Agus duḃairt duine de sna deisgiobuil, Iúdás Iscariót, an fear a ḃí ċun é ḋíol:

5 Cad ’n-a ṫaoḃ nár díolaḋ an ola so ar trí ċéad pingin agus é ṫaḃairt do sna boċtaiḃ?

6 Ní tré aon speóis a ḃeiṫ aige ins na boċtaiḃ aduḃairt sé an méid sin, áṁṫaċ, aċ é ḃeiṫ ’n-a ḃiṫeaṁnaċ, agus is aige a ḃíoḋ an sparán, agus isé a ḋ’iomparaḋ an méid a curtí ann.

7 Ansan duḃairt Íosa: Leigiḋ di féin, agus coimeádaḋ sí é sin i gcóir lae m’aḋlacṫa.

8 Bíd na boiċt i gcóṁnuiġe i nḃúr ḃfoċair agaiḃ, aċ ní ḃím-se agaiḃ i gcóṁnuiġe.

9 Agus ḃí ḟios ag sluaġ ṁór de sna Iúdaíġ é ḃeiṫ sa n-áit, agus ṫanadar, ní h-aṁáin mar ġeall ar Íosa, aċ ċun go ḃfeicfidís Lasarus, an duine a ṫóg sé ó sna mairḃ.

10 Agus ḃí uaċtaráin na sagart ’ġá ḃeartú go marḃóċaidís Lasarus, mar an gcéadna,

11 Mar ḃí mórán de sna Iúdaiġ ag imṫeaċt agus ag creideaṁaint i n-Íosa mar ġeall air.

12 Aċ amáireaċ a ḃí ċúgainn do ġluais amaċ sluaġ ṁór de sna daoine a ḃí tagaiṫe ċun na féile, mar d’airiġeadar Íosa ḃeiṫ ag teaċt go Ierúsalem

13 Agus ṫógadar géaga ṗailime agus ṡiuḃluiġeadar fé n-a ḋéin agus iad ag liúiriġ: Hósanna, molaḋ do’n t-é atá ag teaċt i n-ainim an Tiġearna, rí Israéil.

14 Agus do fuair Íosa asal óg, agus do ṡuiḋ sé ar a ṁuin, do réir mar atá sgríoḃṫa:

15 Ná bíoḋ eagal ort, a inġean Ṡióin; Féaċ, tá do rí ag teaċt agus é ’n-a ṡuiḋe ar ṡearraċ asail.

16 Níor ṫuig a ḋeisgiobuil na neiṫe sin ar dtúis; aċ nuair a tugaḋ glóire d’Íosa do ċuiṁniġeadar ar na neiṫiḃ sin a ḃeiṫ sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ, agus gur ḋeineadar na neiṫe sin leis.

17 An tsluaġ a ḃí i n-a ḟoċair nuair a ġlaoiḋ sé Lasarus as an dtuama agus ṫóg sé ó sna mairḃ é, ṫugadar fiaḋnaise uaṫa.

18 Agus uime sin do ṫáinig an tsluaġ amaċ ’n-a ċoinniḃ, mar d’airiġeadar gur ḋein sé an ṁírḃúilt sin.

19 Duḃairt na Fairisíniġ, d’a ḃríġ sin, eatarṫa féin: An ḃfeiceann siḃ ná fuil ag eiriġe linn i n-aon ċor? Siné an saoġal go léir imṫiġṫe ’n-a ḋiaiḋ.

20 Ḃí, áṁ, geinteaċa áiriṫe ar na daoine a ṫáinig go Ierúsalem ċun Dia d’aḋraḋ lá na féile.

21 Ṫánadar san ag triall ar Ṗilib, an fear ó Ḃetsaida Gaililí, agus d’iarradar níḋ air agus duḃradar: A ḋuine ċóir, ba ṁaiṫ linn Íosa ḋ’ḟeisgint.

22 Ṫáinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é, agus ansan d’innis Pilib agus Aindrias d’Íosa é.

23 Aċ d’ḟreagair Íosa iad agus duḃairt sé: Ṫáinig an uair ċun glóire ṫaḃairt do Ṁac an Duine.

24 Go deiṁin, deiṁin, a deirim liḃ, mura ḃfaġaiḋ an gráinne arḃair a ṫuiteann sa talaṁ bás,

25 Ní ḃíonn ann aċ é féin; aċ má ġeiḃeann sé bás tugann sé toraḋ mór uaiḋ. An t-é a ġráḋann a anam féin caillfiḋ sé é; agus an t-é a ḋ’ḟuaṫuiġeann a anam féin ar an saoġal so, coimeádann sé é i gcóir na beaṫa síoruiḋe.

26 Má ḟrioṫálann duine mise, leanaḋ sé mé; agus an áit i n-a ḃfuilim-se is ann a ḃeiḋ an t-é a ḟrioṫálfaiḋ. Má ḋeineann duine frioṫálaṁ orm-sa taḃarfaiḋ m’Aṫair onóir dó.

27 Tá m’anam ar buaireaṁ anois. Agus cad déarfad? A Aṫair, dein mé ṡaoraḋ ó’n uair seo. Aċ is ċuige seo do ṫánag ċun na h-uaire seo.

28 A Aṫair, dein t’ainim do ṡoillsiú. Ansan do ṫáinig guṫ ó neaṁ: Do ṡoillsíġeas ċeana é, agus soillseóċad airís é.

29 Agus na sluaiġte a ḃí láiṫreaċ d’airiġeadar an guṫ agus duḃradar gur ṫóirṫneaċ a deineaḋ. Aċ duḃairt tuille acu: Do laḃair aingeal leis.

30 D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé: Ní mar ġeall orm-sa a ṫáinig ag guṫ so, aċ mar ġeall oraiḃ-se.

31 Anois atá breiṫ taḃarṫa ar an saoġal so; anois a caiṫfar amaċ priúnsa an tsaoġail seo.

32 Agus má árduíġ-ṫear mise ó’n dtalaṁ taraiceóċad gaċ níḋ ċúġam féin.

33 Agus duḃairt sé an méid sin ’ġá ċur i gcéill cad é an bás a ġeoḃad sé.

34 D’ḟreagair na daoine é: D’airiġeamair-ne as an ndlíġ Críost a ḃeiṫ ann do ṡíor: agus conus a deirir-se naċ foláir Mac an Duine d’árdú? Cé h-é an Mac san an Duine?

35 Ansan duḃairt Íosa leó: Tá an solus agaiḃ tamall beag fós. Deiniḋ siuḃal an ḟaid atá an solus agaiḃ, i dtreó ná béarfaiḋ an doirċeaċt oraiḃ; agus an t-é ḃíonn ag siuḃal sa doirċeaċt ní ḟea-dair sé cá mbíonn sé ag dul.

36 An ḟaid atá an solus agaiḃ creidiḋ sa tsolus, i dtreó go mbeaḋ siḃ i nḃúr gclann ag an solus. Do laḃair Íosa na neiṫe sin agus d’imṫiġ sé agus do ċeil sé é féin orṫa.

37 Agus bíoḋ gur ḋein sé an oiread san mírḃúiltí os a gcóṁair níor ċreideadar ann;

38 Ionus go gcóṁlíonfaí an ċaint aduḃairt Isáias Fáiḋ: A Ṫiġearna, cé ċreid a gcloistear uainn? Agus cé ḋó gur foill-siġeaḋ cuisle an Tiġearna?

39 Uime sin níor ḟéadadar creideaṁaint, óir duḃairt Isáias airís:

40 Do ḋall sé a súile, agus do ḋúr sé a gcroiḋe, sar a ḃfeicfidís le n-a súiliḃ agus sar a dtuigfidís ’n-a gcroiḋe, agus go n-iompóċaidís, agus go saorfainn iad.

41 Duḃairt Isáias na neiṫe sin nuair a ċonaic sé a ġlóire, agus nuair a laḃair sé air.

42 Aċ sa n-am gcéadna do ċreid a lán de sna h-uaċtaráin féin ann; aċ níor adṁuiġeadar é, le h-eagla roimis na Fairisíniġ, sar a gcurfaí as na sinagógaiḃ iad.

43 Óir bá ṁó acu glóire daoine ’ná glóire Dé.

44 Ansan do laḃair Íosa do ġuṫ árd, agus duḃairt sé: An t-é a ċreideann ionam-sa, ní h-ionam-sa a ċreideann sé aċ san t-é a ċuir uaiḋ mé.

45 Agus an t-é a ċíonn mise, ċíonn sé an t-é a ċuir uaiḋ mé.

46 Is am’ ṡolus do ṫánag ar an saoġal, ionus, an t-é a ċreideann ionam, ná fanfaḋ sé sa doirċeaċt.

47 Agus má airiġeann aoinne mo ḃréiṫre agus ná coimeádfaiḋ sé iad, ní ṫugaim-se breiṫ air, óir ní ċun breiṫeaṁantais a ṫaḃairt ar an ndoṁan do ṫánag, aċ ċun an doṁain do ṡaoraḋ.

48 An t-é ná tugann toraḋ orm-sa agus ná glacann mo ḃréiṫre, tá aige an t-é a ṫugann breiṫ air; an briaṫar atá ráiḋte agam-sa, taḃarfaiḋ an briaṫar san breiṫ air an lá déanaċ.

49 Óir ní h-uaim féin do laḃras-sa, aċ an t-Aṫair a ċuir uaiḋ mé, ṫug sé sin órdú ḋom, cad déarfad agus cad a laḃarfad.

50 Agus tá ḟios agam gur beaṫa ṡíoruiḋe a órdú. Na neiṫe a laḃraim, d’á ḃríġ sin, is mar aduḃairt an t-Aṫair liom do laḃraim iad.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan