Eoin 11 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XI. Lasarus á ṫaḃairt ag Críost o’n mbás. Coṁairle na riaġaltóirí ċun É ċur ċun báis. 1 Agus ḃí duine dár ḃ’ainim Lasarus, ó Ḃetánia, ó ḃaile Ṁáire agus Ṁarta a drifiúr, agus ḃí sé breóite. 2 B’í sin Máire do ḋoirt an ola ar an dTiġearna agus do ṫriomuiġ a ċosa le n-a gruaig agus isé a driṫáir Lasarus a bí breóite. 3 Agus do ċuir an ḃeirt driféar teaċtaireaċt ċuige ’ġá ráḋ: A Ṫiġearna, féaċ, an t-é is ionṁuin leat tá sé breóite. 4 Nuair airiġ Íosa an níḋ sin duḃairt sé: Ní ċun báis an ḃreóiteaċt so, aċ ċun glóire Dé, ionus go dtaḃarfaí glóire do Ṁac Dé tríṫe. 5 Agus dob’ ionṁuin le h-Íosa Marta agus a drifiúr Máire agus Lasarus. 6 Aċ nuair a ḋ’airiġ sé é ḃeiṫ breóite d’ḟan sé sa n-áit ċéadna ar feaḋ dá lá. 7 Ansan, tar a éis sin, duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Téiġmís go Iúdaéa airís. 8 Duḃairt a ḋeisgiobuil leis: A Rabbí, ḃí na Iúdaiġ a d’iarraiḋ gaḃáil do ċloċaiḃ ionat anois, agus an ḃfuilir ag dul ċun na h-áite sin airís? 9 D’ḟreagair Íosa: Ná fuil ḋá uair ḋéag sa lá? Má ṡiuḃlann duine sa lá ní ġeiḃeann sé baraṫuisle, mar ċíonn sé solus an tsaoġail seo. 10 Aċ má ṡiuḃlann sé sa n-oiḋċe ġeiḃeann sé baraṫuisle, óir ní’l an solus sa duine sin. 11 Duḃairt sé an méid sin; agus ansan duḃairt sé leó: Tá ár gcara Lasarus ’n-a ċodla, aċ táim ag dul ċun é ḋúiseaċt. 12 Duḃairt a ḋeisgiobuil leis, áṁ: A Ṫiġearna, má tá sé ’n-a ċodla beiḋ sé go maiṫ. 13 Aċ is ar a ḃás a laḃair Íosa; agus ṁeasadar-san gur ar ṡuan codlata do laḃair sé. 14 D’á ḃríġ sin duḃairt Íosa leó go soiléir: Tá Lasarus tar éis ḃáis; 15 Agus mar ġeall oraiḃ-se, ionus go gcreidfeaḋ siḃ, is maiṫ liom ná raḃas ann; aċ téiġmís ag triall air. 16 Ansan duḃairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n-a ċóṁ-ḋeisgiobuil: Téiġmís-ne mar an gcéadna, ionus go ḃfaiġmís bás i n-aonḟeaċt leis. 17 Ansan do ṫáinig Íosa, agus fuair sé é agus é ċeiṫre lá sa tuama. 18 Agus ḃí Betánia i ngioraċt tímpal ċúig stad déag do Ierúsalem. 19 Agus ḃí cuid ṁór Iúdaċ tagaiṫe ag triall ar Ṁarta agus ar Ṁáire ċun sóláis a ċur orṫa i ndiaiḋ a ndriṫár. 20 Agus d’airiġ Marta Íosa ḃeiṫ ag teaċt, agus d’imṫiġ sí amaċ ’n-a ċoinniḃ, agus ḃí Máire ’n-a suiḋe sa tíġ. 21 Ansan duḃairt Marta le h-Íosa: A Ṫiġearna, dá mbeiṫeá anso ní ḃeaḋ mo ḋriṫáir marḃ; 22 Aċ anois féin tá ḟios agam pé rud a iarrfair ar Ḋia go dtaḃarfaiḋ Dia ḋuit é. 23 Duḃairt Íosa léi: Eireóċaiḋ do ḋriṫáir airís. 24 Duḃairt Marta leis: Tá ḟios agam go n-eireóċaiḋ sé sa n-aiseiriġe an lá déanaċ. 25 Duḃairt Íosa léi: Is mise an aiseiriġe agus an ḃeaṫa; an t-é a ċreideann ionam-sa, má ġeiḃeann sé bás féin, beiḋ sé beó; 26 Agus gaċ duine atá beó agus do ċreideann ionam-sa ní ḃfaġaiḋ sé bás ċoiḋċe. An gcreideann tú san? 27 Duḃairt sí leis: Creidim, a Ṫiġearna; creidim-se gur tusa Críost Mac Dé ḃeó, agus gur ṫáinís ar an saoġal so. 28 Nuair a ḃí an ċaint sin ráiḋte aici d’imṫiġ sí agus ġlaoiḋ sí i gcogar ar a drifiúr Máire, agus duḃairt sí léi: Ṫáinig an Máiġistir, agus tá sé ag glaoḋaċ ort-sa. 29 Nuair airiġ sisi an méid sin d’eiriġ sí láiṫreaċ agus ċuaiḋ sí ag triall air. 30 Óir ní raiḃ Íosa tagaiṫe fós isteaċ sa ḃaile, aċ ḃí sé ’n-a stad sa n-áit ’n-a dtáinig Marta ċuige. 31 Agus na Iúdaiġ a ḃí sa tiġ i ḃfoċair Máire, ag cur sóláis uirṫi, nuair a ċonacadar ag eiriġe í agus ag imṫeaċt amaċ ċóṁ h-obann, do leanadar í agus duḃradar: Ag dul ċun an tuama atá sí, ċun guil a ḋéanaṁ ann. 32 Aċ nuair a ṫáinig Máire ċun na h-áite ’n-a raiḃ Íosa agus nuair a ċonaic sí é, do ċaiṫ sí í féin agá ċosaiḃ agus duḃairt sí leis: A Ṫiġearna, dá mbeiṫéa anso ní ḃeaḋ mo ḋriṫáir marḃ. 33 Agus nuair a ċonaic Íosa ag gol í, agus na Iúdaiġ a ṫáinig i n-aonḟeaċt léi ag gol, do leig sé osna ṫeaċt ó n-a spioraid agus buaireaṁ a ṫeaċt air, 34 Agus duḃairt sé: Cár ċuireaḃair é? Agus duḃradar leis: Tar, a Ṫiġearna, agus feic. 35 Agus ḃí Íosa ag sileaḋ. 36 Agus duḃairt na Iúdaiġ: Féaċ, cad é an cion a ḃí aige air. 37 Duḃairt cuid acu, áṁṫaċ: An fear so a d’osgail súile an t-é a rugaḋ ’n-a ḋall, an aṁlaiḋ nar ḟéad sé an duine seo ċoimeád gan bás d’ḟaġáil? 38 Agus ḋein Íosa osna airís, agus ṫáinig sé ċun an tuama; agus pluais ċaraige ab eaḋ an tuama, agus cloċ anuas uirṫi. 39 Duḃairt Íosa: Tógaiḋ an ċloċ. Duḃairt Marta leis, drifiúr an duine ṁairb: A Ṫiġearna, tá sé bréan um an dtaca so, mar tá sé ċeiṫre lá marḃ. 40 Duḃairt Íosa léi: Ná duḃart leat má ċreideann tú go ḃfeicfir glóire Dé? 41 Ansan do tógaḋ an ċloċ. Agus d’ḟéaċ Íosa suas agus duḃairt sé: A Aṫair, ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat gur éistis liom. 42 Ḃí ḟios agam féin, áṁṫaċ, go n-éisteann tú liom i gcóṁnuiġe, aċ duḃart é sin ar son na ndaoine atá anso am’ ṫímpal, i dtreó go gcreid-fidís gur ċuiris-se uait mé. 43 Tar éis na cainte sin do ráḋ ḋó do ġlaoiḋ sé do ġuṫ árd: A Lasaruis, tar amaċ. 44 Agus ṫáinig amaċ láiṫreaċ an t-é a ḃí marḃ, agus na ceangail ḃáis ar a láṁaiḃ agus ar a ċosaiḃ, agus an t-éadaċ ar a ċeannaċaiḃ. Duḃairt Íosa leó: Sgaoiltear é agus leigtear ċun siu ḃail é. 45 Ansan do ċreid a lán de sna Iúdaig ann, de’n ṁuintir a ṫáinig ag triall ar Ṁáire agus ar Ṁarta, agus a ċonaic na neiṫe a dein sé. 46 Aċ d’imṫiġ cuid acu ag triall ar na Fairisíniġ agus d’innseadar dóiḃ cad a ḋein Íosa. 47 Ansan do ċruinniġ na h-árdṡagairt agus na Fairisíniġ cóṁairle, agus deiridís: Cad ’tá againn ’á ḋéanaṁ, agus é seo ag déanaṁ a lán mírḃúiltí? 48 Má sgaoilimíd leis ar an gcuma so creidfid na daoine go léir ann, agus tiocfaid na Róṁánaiġ agus sgriosfid siad ár dtír agus ár gcinéal. 49 Agus ḃí aoinne aṁáin orṫa agus Caiṗas ab ainim dó, agus b’é árdṡagart na bliana san é, agus duḃairt sé leó: Ní ṫuigeann siḃ-se aon níḋ. 50 Ní ṁaċtnuiġeann siḃ conus mar isé ḃúr leas aon duine aṁáin d’ḟáġail ḃáis ṫar ċeann an ṗobuil, agus gan an cinéal go léir do ḋul an ceal. 51 Ní uaiḋ féin, áṁṫaċ, aduḃairt sé an ċaint sin, aċ ó b’é an t-árdṡagart é do’n ḃliain, do laḃair sé targaireaċt, go raiḃ Íosa ċun báis d’ḟaġáil ar son an ċinéil; 52 Agus ní h-ar son an ċinéil aṁáin, aċ ċun clainne Dé a ḃí sgaipiṫe do ċruinniú i n-aon ḃuiḋin. 53 Ó’n lá san amaċ, d’a ḃríġ sin, ḃíodar ag beartú an é ċur ċun báis. 54 Uime sin níor ṡiuḃluiġ Íosa feasda go puibiliḋe ameasg na n-Iúdaċ, aċ d’imṫiġ sé isteaċ i gceanntar i n-aice an ḟásaiġ, go caṫair ar a dtugtar Eṗrem, agus d’ḟan sé ansan i ḃfoċair a ḋeisgiobul. 55 Ansan ḃí cáisg na n-Iúdaċ go h-aċamair, agus mórán daoine ag teaċt go Ierúsalem ó’n dtuaṫ roimis an gcáisg ċun iad féin do naoṁú. 56 Agus ḃíodar ag lorg Íosa, agus iad ag caint eatarṫa féin ’n-a seasaṁ sa teampul: Cad is dóiġ liḃ fé ndeara ḋó gan teaċt ċun lae na féile? 57 Agus ṫug na h-árdṡagairt agus na Fairisíniġ órdú, da mbeaḋ ḟios ag aoinne cá raiḃ sé, é ḋ’innsint, i dtreó go mbéarfaidís air. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society