Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Eoin 10 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL X. Isé Críost an dorus, agus isé Críost an t-aoḋaire fóġanta. Is aon é agus a aṫair.

1 Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, an t-é ná tagann an dorus isteaċ i gcró na gcaoraċ, aċ do ṫagann isteaċ ar a ṁalairt de ċuma le sárú, biṫeaṁnaċ iseaḋ é sin agus robálaiḋe.

2 Aċ an t-é a ṫagann isteaċ an dorus, siné aoḋaire na gcaoraċ.

3 Osgalann an dóirseóir dó san, agus airiġid na caoire a ġuṫ, agus glaoḋann sé ar a ċaoire féin, as a n-ainim, agus seólann sé amaċ iad.

4 Agus nuair a ṡeólann sé amaċ a ċaoire féin gluaiseann sé rómpa, agus leanaid na caoire é, mar aiṫniġid siad a ġuṫ.

5 Aċ ní leanaid siad duine iasaċta, aċ teiṫid siad uaiḋ, mar ní aiṫniġid siad guṫ na ndaoine iasaċta.

6 Do laḃair Íosa an tsoluíd sin leó. Aċ ní ḟeadradar cad a ḃí aige d’á ráḋ leó.

7 Ansan duḃairt Íosa leó airís: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ gur mise dorus na gcaoraċ.

8 Gaċ ar ṫáinig, biṫeaṁnaiġ agus robálaiṫe ab eaḋ iad, agus níor éist na caoire leó.

9 Is mise an dorus. Má’s tríom-sa a raġaiḋ duine isteaċ, saorfar é; agus geoḃaiḋ sé isteaċ agus amaċ, agus ġeoḃaiḋ sé an ḟosuiġeaċt.

10 Ní ṫagann an biṫeaṁnaċ aċ ċun ḃeiṫ ag guid agus ag marḃú agus ag dísgiú. Ṫánag-sa ionus go mbeaḋ an ḃeaṫa acu, agus go mbeaḋ sí acu níos iomadaṁla.

11 Mise an t-aoḋaire fóġanta. Tugann an t-aoḋaire fóġanta a anam ar son a ċaoraċ.

12 An fear tuarasdail áṁṫaċ, óir ní h-é an t-aoḋaire é, agus ní leis féin ná caoire, ċíonn sé an maċtíre ag teaċt, agus fágann sé na caoire agus teiṫeann sé; agus deineann an maċtíre foġail ar na caoire agus sgaipeann sé iad.

13 Agus teiṫeann an fear tuarasdail mar is fear tuarasdail é, agus ní’l speóis aige ins na caoire.

14 Mise an t-aoḋaire fóġanta agus aiṫniġim mo ċuid féin, agus aiṫniġid siad-san mé.

15 Fé mar a ḋ’aiṫniġeann an t-Aṫair mise is eaḋ ḋ’ aiṫniġim-se an t-Aṫair leis; agus tá m’anam agam ’á ṫaḃairt ar son mo ċaoraċ.

16 Agus tá caoire eile agam ná baineann leis an gcró so; agus tá orm iad san a ṫaḃairt liom, agus éistfid siad le m’ ġlór; agus beiḋ aon ċró aṁáin ann agus aon aoḋaire aṁáin.

17 Mar ġeall air seo atá gráḋ ag an Aṫair dom, mar go ḃfuilim ag taḃairt m’anama uaim, i dtreó go ndéanfainn é ġlacaḋ ċúġam airís.

18 Ní’l aoinne ’ġá ṫógaint uaim, aċ is uaim féin atáim ’ġá ṫaḃairt uaim; agus tá ar mo ċumas é ṫaḃairt uaim, agus tá ar mo ċumas é ṫógaint ċúġam airís. Siní an aiṫne a fuaras ó m’Aṫair.

19 D’eiriġ siosma airís idir na Iúdaiġ mar ġeall ar an gcaint sin.

20 Agus duḃairt cuid acu: Is aṁlaid atá deaṁan ann, agus tá sé as a ṁeaḃair; cad ab aíl liḃ ag éisteaċt leis?

21 Duḃairt tuille acu: Ní caint fir go mbeaḋ deaṁan ann an caint sin; an ḃféadfaḋ deaṁan súile na ndall a ḋ’osgailt?

22 Agus ḃí féile an toirḃearṫa i n-Ierúsalem, agus sa ġeiṁreaḋ ab eaḋ é.

23 Agus ḃí Íosa ag siuḃal sa teampul, i bpóirse Ṡalomóin.

24 Agus ṫáinig na Iúdaiġ ’n-a ṫímpal, agus ḃíodar ’ġá ráḋ leis: An fada a leanfair ag baint an anama asainn? Má’s tú Críost, innis dúinn é go soiléir.

25 D’ḟreagair Íosa iad: Táim ’ġá innsint daoiḃ, agus ní ċreideann siḃ é. Na h-oibreaċa atá agam ’á ḋéanaṁ i n-ainim ṁ’Aṫar, tá fiaḋnaise acu ’á ḋéanaṁ dom.

26 Aċ ní ċreideann siḃ-se, mar ní de’m’ ċaoire-se siḃ.

27 Éistid mo ċaoíre-se le m’ ġlór, agus aiṫniġim-se iad, agus leanaid siad mé.

28 Agus tá an ḃeaṫa ṡíoruiḋe agam-sa ’á ṫaḃairt dóiḃ; agus ní caillfar go deó iad, agus ní ḋéanfaiḋ aoinne iad a ḋ’ḟuadaċ as mo láiṁ-se.

29 Tá an níḋ a ṫug m’Aṫair dom níos mó ’ná gaċ uile níḋ; agus ní féidir d’aoinne fuadaċ as láiṁ m’Aṫar.

30 Is aon mise agus an t-Aṫair.

31 Ansan do ṫóg na Iúdaiġ na cloċa ċun gaḃáil do ċloċaiḃ ann.

32 D’ḟreagair Íosa iad: Tá a lán oibreaċa fóġanta taisbeánta agam daoiḃ ó m’Aṫair; cé’cu obair acu go ḃfuil siḃ ag gaḃail do ċloċaiḃ ionam mar ġeall air?

33 D’ḟreagair na Iúdaiġ é: Ní mar ġeall ar obair ḟóġanta atáimíd ag gaḃáil do ċloċaiḃ ionat, aċ mar ġeall ar ḋiaṁaslad, agus go ndeineann tú Dia ḋíot féin, bíoḋ gur duine ṫu.

34 D’ḟreagair Íosa iad: Ná fuil sgríoḃṫa i nḃúr ndlíġ féin, Duḃart-sa, is déiṫe siḃ?

35 Má duḃairt sé gur ḋéiṫe iad súd gur laḃraḋ briaṫar Dé leó, agus náċ féidir an scriptiúir do ċur ar neaṁníḋ,

36 An t-é a ḃeannuiġ an t-Aṫair agus do ċuir sé uaiḋ ar an saoġal, an ndeir siḃ-se leis, Tá diaṁaslaḋ agat ’á ḋéanaṁ, toisg go nduḃart, Is mé Mac Dé?

37 Mura ndeinim oibreaċa m’Aṫar ná creidiḋ mé.

38 Aċ má ḋeinim, mura maiṫ liḃ mise ċreideaṁaint, creidiḋ na h-oibreaċa, i dtreó go mbeiḋ ḟios agaiḃ an t-Aṫair a ḃeiṫ ionam-sa agus mise sa n-Aṫair.

39 Ansan ḃíodar a d’iarraiḋ beirṫe air; agus d’imṫiġ sé as a laṁaiḃ.

40 Agus d’imṫiġ sé airís ṫar Iórdan, ċun na h-áite ’n-a raiḃ Eóin ag baisteaḋ ar dtúis; agus d’ḟan sé ansan.

41 Agus ṫáinig a lán daoine ag triall air, agus deiridís: Níor ḋein Eóin aon níḋ mírḃúilteaċ;

42 Aċ na neiṫe go léir aduḃairt Eóin ’n-a ṫaoḃ so dob’ ḟíor iad. Agus do ċreid a lán ann.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan