Eoin 1 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL I. Diaḋaċt Críost agus a Inċolnaḋ. Fiaḋnaise á ḋéanaṁ ag Eóin air. Críost ag tosnú ar a ḋeisgiobuil do ġlaoḋaċ. 1 I dtusaċ do ḃí an Briaṫar, agus ḃí an Briaṫar i ḃfoċair Dé, agus Dia ad eaḋ an Briaṫar. 2 Do ḃí so i dtusaċ i ḃfoċair Dé. 3 Is tríd a deineaḋ an uile níḋ, agus gan é níor deineaḋ aon níḋ d’ár deineaḋ. 4 Is ann á ḃí beaṫa, agus b’é solus na ndaoine an ḃeaṫa. 5 Agus taiṫneann an solus sa dorċadas, agus níor ġlac an dorċadas é. 6 Ḃí fear a cuireaḋ ó Ḋia, agus Eóin ab ainim dó. 7 Ṫáinig sé sin ċun fiaḋnaise, ionus go ndéanfaḋ sé fiaḋnaise i dtaoḃ an tsoluis, ionus go gcreidfeaḋ gaċ aoinne tríd. 8 Níor ḃ’é an solus é, aċ ċun fiaḋnaise ḋéanaṁ i dtaoḃ an tsoluis. 9 Dob’ é sin an solus fíor a ṡoillsiġeann gaċ duine d’á dtagann ar an saoġal so. 10 Ḃí sé ar an saoġal, agus is tríd a deineaḋ an saoġal, agus níor aiṫin an saoġal é. 11 Is ċun a ċoda féin a ṫáinig sé, agus níor ġlac a ṁuintir féin é. 12 Aċ an méid a ġlac é ṫug sé ḋóiḃ go ndéanfaí clann Dé ḋóiḃ, an ṁuintir a ċreideann i n-a ainim. 13 Nác a’ folaiḃ, ná a’ toil na colna, ná ó ṫoil fir, a ṡíolradar, aċ ó Ḋia. 14 Agus do ḋein feóil de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ i n-ár measg, agus ċonacamair a ġlóire mar ġlóire Aon Ṁic an Aṫar, lán de ġrásta agus d’ḟírinne. 15 Tugann Eóin fiaḋnaise ’n-a ṫaoḃ, agus laḃrann sé os árd agus deir sé: B’é seo an t-é ar a nduḃart: An t-é atá le teaċt am’ ḋiaiḋ do cuireaḋ róṁam é, óir ḃí sé róṁam. 16 Agus as a líonṁaire iseaḋ ġlacamairne go léir, agus grásta ar ġrásta. 17 Óir do tugaḋ an dlíġ tré Ṁaois, agus do deineaḋ grásta agus fírinne tré Íosa Críost. 18 Ní ḟeacaiḋ aoinne riaṁ Dia; an t-Aon Ṁac atá i n-uċt an Aṫar isé ḋ’aiṫris. 19 Agus sidé fiaḋnaise Eóin, nuair a ċuir na Iúdaig ag triall air ó Ierúsalem sagairt agus leḃíteaċa ċun a ḟiafraiġe ḋe, Cé h-é ṫusa? 20 Agus d’aḋṁuiġ sé, agus níor ṡéan sé; agus d’aḋṁuiġ sé: Ní mise Críost. 21 Agus d’ḟiafraiġeadar de: Cad eile má ’seaḋ? An tu Elias? Agus duḃairt sé: Ní mé. An tu an fáiḋ? 22 Agus duḃairt sé: Ní mé. Duḃradar leis, d’á ḃríġ sin: Cé h-é ṫu, ionus go mbéarfaimís freagra ag triall ar an muintir a ċuir anso sinn? 23 Cad deirir ad’ ṫaoḃ féin? Duḃairt sé: Guṫ duine iseaḋ mé ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ, Deiniḋ slíġ an Tiġearna do ḋíriú; mar aduḃairt Isáias fáiḋ. 24 Agus de sna Fairisíniġ ab eaḋ na teaċtairí. 25 Agus do ċeistiġeadar é, agus duḃradar leis: Cad ċuige go ndeineann tú baisteaḋ mura tu Críost ná Elias, ná an fáiḋ? 26 D’ḟreagair Eóin iad agus duḃairt sé leó: Deinim-se baisteaḋ i n-uisge, aċ tá ’n-a ṡeasaṁ i nḃúr measg duine náċ aiṫin daoiḃ-se. 27 Siné an t-é atá ag teaċt am’ ḋiaiḋ-se agus go ḃfuil tusaċ aige orm, agus náċ fiú mise go ndéanfainn iall a ḃróige do sgaoileaḋ. 28 Do ṫárla na neiṫe sin i mBetánia lastall de’n Iórdan, mar a raiḃ Eóin ag baisteaḋ na ndaoine. 29 An lá ’n-a ḋiaiḋ san do ċonaic Eóin Íosa ar teaċt fá n-a ḋéin, agus duḃairt sé: Féaċ Uan Dé, féaċ an t-é a ṫógann peacaḋ an doṁain. 30 Sidé an t-é ar a nduḃart: Tá fear ag teaċt am’ ḋiaiḋ, agus do luaḋaḋ róṁam é, óir do ḃí sé róṁam; 31 Agus níor aiṫinġeas-sa é, aċ ionus go dtaisbeánfaí d’Israél é, uime sin iseaḋ do ṫánag-sa ag déanaṁ baiste i n-uisge. 32 Agus do ṫug Eóin fiaḋnaise uaiḋ agus duḃairt: Do ċonac an Spioraid Naoṁ ag teaċt anuas ó neaṁ i rioċt colúir, agus do stad sé air. 33 Agus níor aiṫniġeas-sa é, aċ an t-é a ċuir mé ag déanaṁ baiste i n-uisge duḃairt sé liom: An t-é go ḃfeicfir an Spioraid ag túirling air agus ag fanṁaint air, siné an t-é a ḋeineann baisteaḋ sa Spioraid Naoṁ. 34 Agus do ċonac; agus ṫugas fiaḋnaise gur b’é Mac Dé é seo. 35 An lá ’n-a ḋiaiḋ san airís ḃí Eóin ’n-a stad, agus beirt d’á ḋeisgiobuil, 36 Agus ḃí sé ag féaċaint ar Íosa ag siuḃal, agus duḃairt sé: Féaċ Uan Dé. 37 Agus d’airiġ an ḃeirt deisgiobul é ag ráḋ na cainte, agus do Leanadar Íosa. 38 Agus d’iompuiġ Íosa, agus ċonaic sé iad ’ġá leanṁaint, agus duḃairt sé leó: Cad ’tá uaiḃ? Agus duḃradar leis: A Rabbí (sé sin le ráḋ, a Ṁáiġistir), cá gcóṁuiġeann tú? 39 Agus duḃairt sé leó: Tagaiḋ agus feiciḋ. Agus ṫánadar agus ċonacadar cár ċóṁnuiġ sé, agus d’ḟanadar i n’ḟoċair an lá san; agus ḃí sé tímpal an deiċṁaḋ h-uair. 40 Agus duine de’n ḃeirt a ḃí ag éisteaċt le h-Eóin agus do lean Íosa ab eaḋ Aindrias, drioṫáir Ṡímóin ar ar tugaḋ Peadar. 41 Do fuair sé sin ar dtúis a ḋrioṫáir féin, Símón, agus duḃairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le ráḋ, an Críost). 42 Agus ṫug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’ḟéaċ Íosa air, agus duḃairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Taḃarfar ort Céṗas (eaḋon Peadar). 43 Ba ṁian leis dul, lár n-a ṁáireaċ, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus duḃairt Íosa leis; lean mise. 44 Agus ó Ḃetsaida, ó ċaṫair Aindriais agus Ṗeadair, ab eaḋ Pilib. 45 Agus do fuair Pilib Natanaél agus duḃairt sé leis: An t-é úd ar ar sgríḃ Maois sa dlíġ, agus na fáiḋe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseṗ ó Nasaret. 46 Agus duḃairt Natanaél: An féidir aon níḋ fóġanta ṫeaċt ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic. 47 Agus ċonaic Íosa Natanaél, agus duḃairt sé: Sin Israél-íteaċ fírinneaċ ná fuil feall ann. 48 Agus duḃairt Natanaél: Conus aiṫniġeann tú mé? Duḃairt Íosa leis ’ġá ḟreagraḋ: Sar ar ġlaoiḋ Pilib ort, nuair a ḃís fé’n gcrann fíge, do ċonac tu. 49 D’ḟreagair Natanaél agus duḃairt sé: A Ṁáiġistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil. 50 D’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Toisg mé ’ġa ráḋ leat: Ḃíos ag féaċaint ort agus tú fé’n gcrann fíge, creideann tú. Ċífir neiṫe is mó ’ná san. 51 Agus duḃairt sé leis: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society