Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.
Búirthíl leoin bhaininn atá aige, agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann; ligeann sé glam agus beireann ar a chreach, ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.
Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad, go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu, go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte; cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é - mar is do-áirithe a gcionta, is ag dul i méid atá a séanadh.
Seasann sibh ar bhur gclaimhte, déanann sibh cionta gránna agus truaillíonn gach fear agaibh bean a chomharsan. An síleann sibh mar sin fanacht i seilbh na talún?
Tá a gcapaill níos mire ná liopaird; is fíochmhaire iad ná mic tíre na steipe. Siúd ar aghaidh lena n‑eachra ar cosa in airde; is ó áit i bhfad ar shiúl a thagann siad, ar nós iolair a thugann ruathar anuas chun a chreach a alpadh.