Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad.
Tá bóithre Shíón ag caoi mar ní thaithítear a hionad teagmhála; tá a geataí uile bánaithe agus déanann a sagairt osnaíl; bíonn a maighdeana go léir á gcrá. Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!
Is cuimhin le Iarúsailéim anois a laethanta angair agus fáin, nuair a thit a muintir lena naimhde agus gan cabhróir dá laghad acu. Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti; ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.
Bainfidh mé amach as na ciníocha iad, baileoidh mé ó na tíortha iad, agus seolfaidh mé isteach ina ndúiche féin iad. Beathóidh mé iad ar shléibhte Iosrael, láimh leis na toibreacha agus i ngach uile áit chónaithe sa tír.
Dúirt an Tiarna leis: “Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.”
An tráth sin, baileoidh mé sibh le chéile agus treoróidh mé féin abhaile sibh ansin. Tabharfaidh mé clú agus cáil daoibh i measc ciníocha uile an domhain, nuair a rathóidh mé sibh arís faoi bhur súile féin,” a deir an Tiarna.