Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile, a dhaoine uirísle na tíre, a chomhlíonann a reacht. Lorgaigí an fhíréantacht, lorgaigí an uirísle; b'fhéidir go bhfaigheadh sibh dídean ar lá dhíbheirg an Tiarna.
“Fad a mhair an leanbh,” d'fhreagair sé, “rinne mé troscadh agus caoineadh mar go raibh mé á rá liom féin: ‘Cá bhfios nach mbeadh trua ag an Tiarna dom agus go mairfeadh mo leanbh.’
Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh: faoi mhaise agus gradam gabh amach go caithréimeach ar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt.
déarfaidh sibh: ‘Is é íobairt Chásca an Tiarna é mar ghabh sé thar thithe chlann Iosrael san Éigipt, nuair a mharaigh sé na hÉigiptigh ach gur chaomhnaigh sé ár dtithe.’ ” Agus chrom na daoine a gceann agus rinneadar ómós.
Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.
Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;
Déanfaidh mé thú a fhuascailt go cinnte; ní thitfidh tú leis an gclaíomh; beidh d'anam mar éadáil agat, de bhrí gur chuir tú do dhóchas ionamsa - an Tiarna a labhraíonn.’ ”
Agus an n‑iarrann tusa nithe móra duit féin? Ná hiarr, óir tabharfaidh mé anró anois ar an uile fheoil - is é an Tiarna a labhraíonn. Ach tabharfaidh mé d'anam duitse, cibé áit a rachaidh tú.’ ”
Cuirigí síolta an ionracais daoibh féin; bainigí fómhar an bhuanghrá; brisigí bhur bhfearann branair, óir is mithid daoibh an Tiarna a lorg nó go dtiocfaidh sé chun an fhíréantacht a shileadh oraibh.
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú agus an seachtú agus an deichiú mí ina n‑ábhar áthais agus lúcháire agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá. Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.”
Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne - conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim á iarraidh d'achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós.
Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.
Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dósan anois agus go lá na síoraíochta. Amen.