Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.
“Cad é seo?” arsa mise. “Bairille is ea an rud seo atá ag nochtadh chugainn,” ar seisean. Ansin dúirt sé: “Is é seo [an t‑olc] atá siad a dhéanamh ar fud na tíre uile.”
Nuair a chonaic a máistri, áfach, go raibh deireadh lena súil le brabach, rug siad ar Phól agus ar Shíleas agus tharraing isteach i gcearnóg an bhaile iad os comhair na n‑uachtarán.
D'éirigh a fear ar maidin agus d'oscail doras an tí; ag teacht amach dó le leanúint ar aghaidh ar a aistear, féach! ba shiúd í a bhean luí caite ansiúd ag doras an tí agus a lámha ar an tairseach.
Sin é an fáth nach ndéanann sagairt Dhágón ná aon duine eile a théann isteach i dteampall Dhágón, cos a leagan ar thairseach Dhágón in Aisdeod go dtí an lá inniu féin.