Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Zafainiá 1:15

An Bíobla Naofa 1981

Lá díbheirge an lá sin, lá buartha agus angair, lá léirscriosta agus millte, lá dorchadais agus doiléire, lá scamall agus dúnéalta,

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Tá lá an Tiarna chugaibh go cruálach, le fraoch agus le fearg loiscneach, chun fásach a dhéanamh den tír agus na peacaigh a theascadh as.

Óir lá trioblóide agus treascartha agus tranglaim atá chugainn, agus is é an Tiarna Dia na Slua faoi deara é. Sa ghleann sin Hionnom tá ballaí á leagan, táthar ag scairteadh ar chabhair ar an sliabh.

nó ag breathnú síos ar an talamh, níl ann ach anbhroid agus dorchadas, gruamacht na hanbhuaine, agus ní fheicfidh siad ach an oíche.

Go deimhin is mór an lá é seo, ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis; is í uair bhuartha Iacóib í; ach sábhálfar aisti é.

Ardaíonn an Tiarna a ghlór ar thosach a shlua; is do-áirithe an t‑arm atá aige agus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe. Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin. Cé atá in ann a fhulaingt?

Lá dorchadais agus doiléire! Lá scamall agus dúnéalta! Ar nós na camhaoire tá scaoth líonmhar láidir ag leathadh thar na sléibhte; ní raibh a leithéid ann riamh ná ní bheidh a leithéid ann arís go ceann na gcianta cairbreacha.

Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.

sula dtiomáintear chun siúil sibh mar an gcáith, sula dtaga fearg fhíochmhar an Tiarna oraibh, sula mbeire lá dhíbheirg an Tiarna oraibh.

“Tar éis trioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachta na bhflaitheas ar crith.

Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithrigh tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lae úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé,

Cuirfidh siad léigear ort i do bhailte go léir, go dtí go dtitfidh na ballaí is airde agus is daingne, na ballaí inar chuir tú muinín ar fud do chríoch. Cuirfidh siad léigear ort sna bailte go léir ar fud do chríoch a thug an Tiarna do Dhia duit.

Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad á gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus á gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n‑éagráifeach.

óir tháinig lá mór a fheirge, agus cé a fhéadann é a sheasamh?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí