Tá lá mór an Tiarna in achmaireacht; tá sé sa chóngar agus é ag teacht faoi lánluas; ar lá an Tiarna tógfar gártha searbha; fiú an gaiscíoch, beidh sé ag glaoch ar chabhair.
Céard a fheicim? Tá siad scanraithe agus ag filleadh ar a gcúl! Na daoine is fearr orthu buailte siar, iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn, gan dearcadh siar, eagla ó gach taobh! - an Tiarna a labhraíonn.
Tógfar i láimh na bailte, beidh seilbh ar na háiteanna daingne. (“Agus beidh croí na bhfear cogaidh an lá sin i Móáb mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.)
Abair leo, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuirfidh mise deireadh leis an seanfhocal seo agus ní bhainfidh siad feidhm as mar sheanfhocal níos mó in Iosrael.’ Ach abair leo: ‘Tá na laethanta ar láimh agus cuirfear gach fís i gcrích.
Agus má théann aon chuid acu slán, beidh siad ar na sléibhte amhail coilm na ngleannta, an t‑iomlán acu ag caoineadh, gach duine i dtaobh a pheacaí féin.
Séidigí an stoc i Síón! Tógaigí gártha rabhaidh ar mo shliabh naofa! Creathnaíodh áitritheoirí uile na tíre! Óir, tá lá an Tiarna ag teacht, tá sé in achmaireacht.
Ardaíonn an Tiarna a ghlór ar thosach a shlua; is do-áirithe an t‑arm atá aige agus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe. Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin. Cé atá in ann a fhulaingt?
“A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé. “Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
Bí i do thost i láthair an Tiarna Dia! óir tá lá an Tiarna in achmaireacht. Is ea, go deimhin, tá an Tiarna tar éis íobairt a ullmhú agus a chuid aíonna a choisreacan.
mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost.
An uair úd bhain a ghlór croitheadh as an domhan; ach anois tá an gealltanas seo a leanas tugtha aige: “Uair amháin eile bainfidh mé croitheadh ní amháin as an domhan ach as na spéartha chomh maith.”
Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.