Zacairia 8:3An Bíobla Naofa 1981Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Fillfidh mé ar Shíón agus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim. Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim, Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.” Féach an chaibidil |
Agus ar ais as na náisiúin uile, ina dtabhartais don Tiarna, tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir - ar muin capaill, i gcarbaid agus ar eileatroim, ar mhiúileanna agus ar chamaill rásaíochta - go dtí mo shliabh beannaithe in Iarúsailéim, a deir an Tiarna, ar nós mar iompraíonn clann Iosrael an tabhartas i soithí glana go teampall an Tiarna.
Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.