Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna; tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge; Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas; is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce.
Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach, ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí. Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce, do theasghrá agus do thrócaire chugainn? Ná seas i leataobh uainn
Chuir sé an fhíréantacht air ina lúireach agus clogad an tslánaithe ar a cheann. Chuir sé éadach an díoltais uime ina léine agus chlúdaigh é féin le díbheirg mar chlóca.
Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.
Ansin tháinig an spiorad de ruathar ar Amásai, ceannaire an tríochad, agus dúirt sé: “Leatsa sinn, a Dháiví! Agus táimid leat, a mhic Ieise! Síocháin faoi dhó duit, agus síocháin do do lucht cúnta. Óir tá cabhair do Dhé chugat.” Ghlac Dáiví leo ansin, agus rinne oifigigh díobh ar a shaighdiúirí.