Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Zacairia 6:3

An Bíobla Naofa 1981

agus capaill bhána faoin tríú ceann, agus capaill bhallacha láidre faoin gceathrú ceann.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Tharla i séasúr na cúplála gur ardaigh mé mo shúile i dtaibhreamh a bhí á dhéanamh dom agus go bhfaca mé gur fireannaigh bhreaca, bhallacha agus riabhacha a bhí ag reitheadh na mbaineannach.

“Bhí fís agam san oíche. Is amhlaidh a chonaic mé fear ar mhuin capaill rua agus é ina sheasamh i measc na gcrann miortail a bhí sa ghleann. Taobh thiar de bhí capaill rua agus capaill dhonnrua agus capaill bhána.

Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus b'shiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar Dílis agus Fírinneach, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.

Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.

D'fhéach mé agus b'shiúd an t‑each bán, agus bogha ag a mharcach; tugadh coróin dó agus chuaigh sé amach faoi bhua agus chun bua a bhreith.

D'fhéach mé, agus b'shiúd an t‑each báiteach bán agus “An Bás” a ba ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí