Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Zacairia 5:5

An Bíobla Naofa 1981

Thaispeáin an t‑aingeal a bhí ag caint liom é féin dom ansin agus dúirt: “Ardaigh do shúile agus féach ar an rud seo atá ag nochtadh chugainn amach.”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, ardaigh do shúile anois i dtreo an tuaiscirt.” D'ardaigh mé mo shúile i dtreo an tuaiscirt agus féach, sa bhealach isteach ó gheata na haltóra lastuaidh bhí íomhá seo an éada.

Mar sin de dúirt an t‑aingeal a bhí ag caint liom: ‘Fógair é seo: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Tá teasghrá éadmhar agam do Iarúsailéim agus do Shíón;

‘Cad iad seo, a dhuine uasail?’ arsa mise. ‘Taispeánfaidh mé duit cad iad,’ arsa an t‑aingeal a bhí ag caint liom.

Ansin thaispeáin an Tiarna ceathrar gaibhne dom.

Mar fhreagra air sin dúirt an t‑aingeal a bhí ag caint liom: “Nach bhfuil a fhios agat cad iad seo?” “Níl ná a fhios, a dhuine uasail,” arsa mise leis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí