Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Zacairia 4:4

An Bíobla Naofa 1981

Labhair mé ansin leis an aingeal a bhí ag caint liom, á cheistiú: “Cad iad seo, a dhuine uasail?”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ansin thosaigh Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar Theampall Dé in Iarúsailéim a thógáil; bhí fáithe Dé in éineacht leo ag tabhairt misnigh dóibh.

‘Cad iad seo, a dhuine uasail?’ arsa mise. ‘Taispeánfaidh mé duit cad iad,’ arsa an t‑aingeal a bhí ag caint liom.

Mar fhreagra air sin dúirt an t‑aingeal a bhí ag caint liom: “Nach bhfuil a fhios agat cad iad seo?” “Níl ná a fhios, a dhuine uasail,” arsa mise leis.

“Cad é seo?” arsa mise. “Bairille is ea an rud seo atá ag nochtadh chugainn,” ar seisean. Ansin dúirt sé: “Is é seo [an t‑olc] atá siad a dhéanamh ar fud na tíre uile.”

Cheistigh mé an t‑aingeal a bhí ag caint liom, á rá: “Cad iad seo, a dhuine uasail?”

D'fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí