Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Zacairia 4:12

An Bíobla Naofa 1981

Labhair mé leis aon uair amháin eile agus dúirt: “Cad iad an dá chraobh olóige seo a dhoirteann an ola tríd an dá phíopa óir?”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas:

Labhair mé leis arís, á rá: “Cad é an chiall atá leis an dá chrann ológ seo a bhfuil ceann díobh ar dheis an chrainn solais agus an ceann eile ar a chlé.”

“Nach bhfuil a fhios agat cad iad seo?” ar seisean liom. “Níl ná a fhios, a dhuine uasail,” arsa mise.

Dúirt sé leo: “Ólfaidh sibh go deimhin as mo chupa, ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá é sin a thabhairt ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán ag m'Athair.”

Is iadsan an dá chrann ola, agus an dá lóchrann a sheasaíonn os comhair Tiarna an domhain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí