Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Zacairia 2:4

An Bíobla Naofa 1981

“Cad chuige a bhfuil siad seo ag teacht?” arsa mise. “Tá na hadharca úd tar éis Iúdá a scaipeadh sa chaoi nach bhfuil tógáil a chinn ag duine ar bith,” ar seisean liom, do mo fhreagairt, “ach tá na gaibhne seo tagtha chun scanradh a chur orthu; leagfaidh siad ar lár adharca na náisiún a d'ardaigh a n‑adharca os cionn mhuintir Iúdá chun iad a scaipeadh.”

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Dearc ar Shíón, cathair ár gcuid féilte, luíodh do shúile ar Iarúsailéim, í ina háitreabh daingean, ina both nach dual di aistriú, nach stoithfear a cuaillí, nach mbrisfear a cordaí choíche.

a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta, a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích. Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: “Bíodh cónaí inti!” agus faoi bhailte Iúdá: “Tógtar iad arís!” agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.

Beidh siad á rá arís i d'éisteacht, an chlann mhac sin a shíl tú a bheith caillte: “Tá an áit seo róchúng dom, déan slí dhom go socraí mé isteach!”

Seo, is mise a chruthaigh an gabha, an té a shéideann tine na gceartaí agus a tháirgeann airm de réir na feidhme atá leo. Ach is mise fós a chruthaigh fear a scriosta agus a ndíobhála.

Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.”

“Cuirfidh fúthu sa tír seo, Iúdá agus a bhailte uile, na feirmeoirí agus an dream a dhéanann buachailleacht ar na tréada.

“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus síolchuirfidh mé teach Iosrael agus teach Iúdá le síol an duine agus le síol an bheithígh.

Mar nach féidir slua neimhe a áireamh ná gaineamh na farraige a thomhas, is mar sin a mhéadóidh mise sliocht Dháiví mo shearbhónta agus na Léivítigh, a dhéanann [mar aon leis na hoidhrí seo] freastal orm.’ ”

Déarfaidh tú: ‘Ionsóidh mé tír seo na mbailte gan bhallaí; ionsóidh mé an mhuintir chiúin seo a chónaíonn ar a suaimhneas i mbailte atá gan bhallaí ná barraí ná geataí.’

Tá an lá a n‑atógfar do bhallaí ag teacht; an lá sin leathnófar do chríocha.

Ar an ábhar sin labhraíonn an Tiarna mar seo: Tá mé tar éis filleadh ar Iarúsailéim le barr trua di. Atógfar mo Theampall inti, a deir Tiarna na Slua, agus sínfear an dorú tomhais thar Iarúsailéim.

Fógair é seo freisin: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Níor tháinig rath go fóill ar mo chathracha, ach tabharfaidh an Tiarna sólás do Shíón athuair agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim aon uair amháin eile.’ ”

Ar an lá sin, déanfaidh mé ciseán tine i lár coille agus tóirse lasrach i measc punann de chlanna Iúdá; loiscfidh siad náisiúin uile na comharsanachta ar dheis agus ar chlé. Ach beidh Iarúsailéim á háitriú agus í suite go daingean ina hionad féin i gcónaí.

Ach maidir leis na ciníocha uile a bheidh tar éis cogadh a chur ar Iarúsailéim, is í seo an phlá lena mbuailfidh an Tiarna iad: lobhfaidh a gcuid feola orthu, fiú amháin agus iad ina seasamh ar a gcosa; morgfaidh a súile ina logaill agus dreofaidh a dteanga ina mbéal.

Ná lig d'aoinne tú a dhíspeagadh mar gheall ar d'óige ach bí i d'eiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí