“Cad iad seo?” arsa mise leis an aingeal a bhí ag caint liom. “Is iad seo na hadharca atá tar éis Iúdá agus Iosrael agus Iarúsailéim a scaipeadh,” ar seisean liom.
Le hais na ranna a bhaineann leis an sanctóir tabharfaidh sibh don chathair mar ghabháltas cúig mhíle banlámh ar leithead agus cúig mhíle banlámh is fiche ar fad; beidh seo ag muintir Iosrael uile.
Ar an ábhar sin labhraíonn an Tiarna mar seo: Tá mé tar éis filleadh ar Iarúsailéim le barr trua di. Atógfar mo Theampall inti, a deir Tiarna na Slua, agus sínfear an dorú tomhais thar Iarúsailéim.