Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Zacairia 2:1

An Bíobla Naofa 1981

D'ardaigh mé mo shúile agus cad a chonaic mé ach ceithre adharc.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Seo, is mise a chruthaigh an gabha, an té a shéideann tine na gceartaí agus a tháirgeann airm de réir na feidhme atá leo. Ach is mise fós a chruthaigh fear a scriosta agus a ndíobhála.

Ansin sínfidh arís eile an dorú tomhais caol díreach anonn ar Chnoc Gháraeb ag déanamh ina dhiaidh sin ar Ghoá.

Baineadh a adharc de Mhóáb, agus briseadh a ghéag - an Tiarna a labhraíonn.

Thug sé ansin mé agus, féach, bhí fear ann a raibh cuma práis air. Bhí corda lín agus slat tomhais ina láimh aige agus é ina sheasamh sa gheata.

Féach, bhí balla thart timpeall an Teampaill ar fad lasmuigh agus i láimh an fhir bhí slat tomhais a bhí sé bhanlámh ar fad - banlámh ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise a bhí i gceist. Thomhais sé leithead an bhalla, a bhí slat; agus a airde, a bhí slat.

Chuaigh an fear soir agus a shlat tomhais ina láimh agus thomhais sé míle banlámh. Thug sé orm ansin siúl tríd an uisce; chuaigh an t‑uisce go murnán orm.

Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce athuair; chuaigh an t‑uisce go glúine orm. Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce arís; chuaigh an t‑uisce go leasrach orm.

Ar an ábhar sin labhraíonn an Tiarna mar seo: Tá mé tar éis filleadh ar Iarúsailéim le barr trua di. Atógfar mo Theampall inti, a deir Tiarna na Slua, agus sínfear an dorú tomhais thar Iarúsailéim.

Ansin tugadh bata dom mar shlat tomhais agus é á rá liom: Éirigh agus tomhais teampall Dé, agus an altóir agus an lucht adhartha ansiúd;

Agus bhí slat tomhais óir ag an té a bhí ag caint liom, chun an chathair agus a geataí agus a múr a thomhas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí