Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Zacairia 13:3

An Bíobla Naofa 1981

Agus má dhéanann aon duine tairngreacht ina dhiaidh sin, déarfaidh a athair agus an mháthair a ghabh ina broinn é leis: ‘Ní ceart thusa a fhágáil beo mar labhair tú bréaga in ainm an Tiarna.’ Agus tollfaidh a athair agus a mháthair féin é nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

“Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m'ainmse. ‘Rinneadh brionglóid dom,’ a deir siad, ‘rinneadh brionglóid dom!’

“Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: ‘Ualach an Tiarna’, gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin.

Dúirt Irimia fáidh le Hanainiá fáidh: “Éist liom go haireach; a Hanainiá: níor chuir an Tiarna uaidh thú; mar gheall ortsa tá an pobal seo anois ag cur a ndóchais i mbréag.

dá bhrí sin uile, ní fheicfidh sibh níos mó na físeanna baotha, ní dhéanfaidh sibh fáistine; fuasclóidh mé mo phobal as bhur lámha. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.”

Má bhíonn an fáidh meallta, mise, an Tiarna, a mheall an fáidh sin; sínfidh mé amach mo lámh ina choinne agus scriosfaidh mé é as lár mo phobail, Iosrael.

Dúirt sé liom: “A mhic an duine, is é seo suíomh mo ríchathaoireach, an áit ar a leagfaidh mé boinn mo chos. Cónóidh mé anseo i lár chlann Iosrael go brách. Muintir Iosrael agus a ríthe ní thruailleoidh siad m'ainm naofa choíche arís, lena striapachas agus le conablaigh a ríthe,

“An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;

“Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.

As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.

Ach an fáidh a leomhfaidh focal a labhairt i m'ainmse nár ordaigh mé dhó a labhairt, nó a labhróidh in ainm dé eile, gheobhaidh an fáidh sin bás.’

Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair: “Ní fhaca mé iad.” Ní aithnid dó a bhráithre, ná níl aithne aige ar a chlann. Sea, chomhlíonadar do bhriathar, agus choimeádadar do chonradh go daingean.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí