‘Cad iad seo, a dhuine uasail?’ arsa mise. ‘Taispeánfaidh mé duit cad iad,’ arsa an t‑aingeal a bhí ag caint liom.
Ansin dúirt aingeal Dé liom sa taibhreamh: ‘A Iacóib!’ ‘Anseo dom,’ arsa mise.
D'fhreagair an Tiarna an t‑aingeal a bhí ag caint liom le briathra cneasta sólásacha.
Ansin thaispeáin an Tiarna ceathrar gaibhne dom.
D'fhill an t‑aingeal a bhí ag caint liom agus dhúisigh sé mé mar a dhúisítear duine as a chodladh.
Labhair mé leis arís, á rá: “Cad é an chiall atá leis an dá chrann ológ seo a bhfuil ceann díobh ar dheis an chrainn solais agus an ceann eile ar a chlé.”
Thaispeáin an t‑aingeal a bhí ag caint liom é féin dom ansin agus dúirt: “Ardaigh do shúile agus féach ar an rud seo atá ag nochtadh chugainn amach.”