Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Zacairia 1:1

An Bíobla Naofa 1981

San ochtú mí den dara bliain de réimeas Dháire labhraíodh briathar an Tiarna leis an bhfáidh Zacairia, mac Bharaicia, mhic Ideo, mar a leanas:

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Cuireadh stop leis an obair ar Theampall Dé in Iarúsailéim ar an gcuma sin. Bhí sí ina stad mar sin go dtí an dara bliain de réimeas Dháire rí na Peirse.

Ansin chrom na fáithe Hagaí agus Zacairiá mac Ideo ar fháidheoireacht do na Giúdaigh a bhí in Iúdá agus Iarúsailéim in ainm Dhia Iosrael a bhí ina dteannta.

fine Háirím, Adná; fine Mhaeráiót, Healcaí;

Ideo, Gineatói, Aibíveá,

Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas:

ar an gceathrú lá is fiche den séú mí. Sa dara bliain de réimeas Dháire rí,

Ansin labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí mar a leanas:

Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gceathrú lá is fiche den naoú mí labhraíodh briathar an Tiarna leis an bhfáidh Hagaí mar a leanas:

Labhraíodh briathar an Tiarna le Hagaí an athuair ar an gceathrú lá is fiche den mhí mar a leanas:

Ar an gceathrú lá is fiche den aonú mí déag, is é sin le rá, de mhí Shabát, den dara bliain de réimeas Dháire, labhraíodh briathar an Tiarna le Zacairia, mac Bharaicia, mhic Ideo, mar a leanas:

Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas:

Sa cheathrú bliain de réimeas Dháire rí, ar an gceathrú lá den naoú mí, is é sin le rá, de mhí Chisléu, labhraíodh briathar an Tiarna le Zacairia.

chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.

ó fhuil Áibil go dtí fuil Zachairias a cuireadh chun báis idir an altóir agus an sanctóir: sea, deirim libh, éileofar ar an nglúin seo í.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí