Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol?
An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air, ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin, mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.
Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.
Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n‑aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne.
Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.
Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir.
Má leanaimid orainn ag déanamh an pheaca dár lántoil féin, tar éis dúinn eolas a fháil ar an bhfírinne, níl íobairt ar bith ann chun ár bpeacaí a thógáil dínn.