Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad,
Thug mé foláireamh cheana dóibh sin a rinne peaca roimh ré agus don chuid eile go léir; agus tugaim foláireamh dóibh anois agus mé as láthair, faoi mar a rinne agus mé i láthair don dara huair, nach ndéanfaidh mé trua ar bith daoibh má thagaim arís -
Duine ar bith nach ngéilleann do theachtaireacht na litreach seo againn, tugaigí suntas dó agus ná bíodh caidreamh ar bith agaibh leis ionas go dtiocfadh náire air.
Táim ag tabhairt foláirimh daoibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomhaoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uainne.
Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur meascsa; déanfaidh siadsan tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an máistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad drochíde sa mhullach orthu féin go tobann.