Lean mé orm dá bhrí sin: “Is olc an rud é seo atá ar siúl agaibh. Nár chóir daoibh siúl ar chosán eagla Dé agus fonóid na gciníocha, ár naimhde, a sheachaint?
Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriathar Bhur muintir féin gur fuath leo sibh, agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m'ainm, deir siad: “Taispeánadh an Tiarna a ghlóir, go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.” Ach is orthu féin a bheidh an náire.
Duine de na scríobhaithe, a bhí ag éisteacht leo ag aighneas, nuair a thug sé faoi deara a fheabhas a fhreagair Íosa iad, tháinig sé chuige agus chuir sé ceist air: “Cén chéad aithne de na haitheanta go léir?”
Nuair a chonaic Íosa gur labhair sé go ciallmhar, dúirt sé leis: “Ní fada thú ó ríocht Dé.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air as sin amach.
Duine ar bith nach ngéilleann do theachtaireacht na litreach seo againn, tugaigí suntas dó agus ná bíodh caidreamh ar bith agaibh leis ionas go dtiocfadh náire air.
B'fhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan aon deis a gcáinte a thabhairt don namhaid.
Duine ar bith a thugann a mhalairt de theagasc agus nach réitíonn le briathra fónta ár dTiarna Íosa Críost, leis an teagasc atá de réir na cráifeachta,
Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.