Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil, cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige. Siúil de réir spreagadh do chroí agus de réir sholas do shúl. Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia chun cuntais thú sna nithe seo go léir.
Cuimhnigh ar do chruthaitheoir le linn d'óige, sula dtaga na drochlaethanta, agus go ndruide blianta na seanaoise leat, a ndéarfaidh tú fúthu: “Ní bhainim aon sásamh astu”;
Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”
Scríobhaim chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té a bhí ó thús. Scríobhaim chugaibhse, a ógánacha, mar gur threascair sibh an mac mallachta.