Dúirt sé leis an mbean: “Méadóidh mé go mór ar do thinneas ag breith clainne. Béarfaidh tú clann agus tinneas ort. Beidh mian chun do chéile ort ach beidh sé i gceannas ort.”
Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Taibít (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn “eilit”). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce.
D'éirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha.
Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh, áfach, go bhfuil Críost ina cheann ar gach fear, go bhfuil an fear ina cheann ar a bhean agus go bhfuil Dia ina cheann ar Chríost.
agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.
Iad sin atá faoi chuing na daoirse, tuigidís ina n‑aigne go bhfuil gach ómós ag dul dá máistrí le heagla go gcaithfí dímheas ar ainm Dé agus ar an teagasc.