Leath Solamh a chumhacht thar na ríochtaí go léir ón Abhainn go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte. Thug siad cíos chuig Solamh agus rinne siad seirbhís dó gach lá dá shaol.
Rinne na reachtairí sin bia a sholáthar do Sholamh agus dóibh siúd go léir dár thug sé cuireadh go bord an rí Solamh, gach reachtaire ar feadh míosa; rinneadar deimhin de nach mbeadh aon ní in easnamh.
Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith; cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata; agus b'fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua, trua ar iarmhar Iósaef.
Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: “Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.”
Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte;
Ná lig d'aoinne tú a dhíspeagadh mar gheall ar d'óige ach bí i d'eiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht.
Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas.
Seachain baois na hóige agus bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá agus ar an tsíocháin, tú féin agus iad siúd a ghlaonn ar an Tiarna le croí glan.