Mar tá a lán daoine ann atá easumhal, go háirithe iad siúd de bhuíon an timpeallghearrtha, agus cuireann siad daoine ar mearbhall lena gcuid baothchainte.
(“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑alpann sibh cuid na mbaintreach, faoi scáth urnaithe fada; is troimide bhur ndaorbhreith.)
Tháinig daoine anuas ó Iúdáia agus thosaigh siad ag teagasc na mbráithre: “Mura ndéantar sibh a thimpeallghearradh de réir ghnás Mhaois,” ar siad, “ní féidir bhur slánú.”
Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n‑aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne.
ainneoin na mbráithre bréige a tugadh isteach faoi choim. Shleamhnaigh siad san isteach le spiaireacht a dhéanamh ar an tsaoirse atá againn i gCríost, chun sinn a chur i ndaoirse;
Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.
agus gan bheith tugtha d'fhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh.
agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, d'éagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí,
bíodh gach seanóir acu gan cháim, agus gan é bheith pósta ach aon uair amháin, agus a chlann a bheith ina gcreidmhigh agus gan drabhlás ná easumhlaíocht a bheith le casadh leo.
An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh.
A chlann liom, is é an ré dheiridh é, agus faoi mar a chuala sibh go raibh an tAinchríost le teacht, agus cheana féin tá a liacht ainchríostanna ar fáil - uaidh sin is eol dúinn an ré dheiridh a bheith ann.
A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.
Tá beagán agam i d'aghaidh, áfach, mar tá daoine agat ansin atá ag cloí le teagasc Bhalám, an té a mhúin do Bhalac ceap tuisle a chur os comhair chlann Iosrael le go n‑íosfaidís bia íobartha d'íola agus striapachas a dhéanamh.