Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 9:8

An Bíobla Naofa 1981

Ná ceartaigh fear na fonóide nó beidh an ghráin aige ort, ceartaigh eagnaí agus beidh grá aige duit.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

“Seo é Nátán fáidh,” ar siad leis an rí. Agus nuair a tháinig sé isteach i láthair an rí chrom sé chun talún os comhair an rí.

Dúirt Dáiví ansin: “Glaoigí chugam ar Zádóc an sagart, ar Nátán fáidh, agus ar Bhanáiá mac Iahóideá,” agus thángadarsan i láthair an rí.

D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.

Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é; má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é. Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí, bíonn m'urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.

Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh, briathra na saoithe agus a nathanna -

Géilleann croí an eagnaí do theagasc ach tá tubaiste i ndán don chabaire baoth.

Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar; ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.

Bochtaine agus tarcaisne atá i ndán don té a chuireann suas don smacht, ach onóir don té a ghlacann le ceartú.

Ní maith leis an scigire é a cheartú, agus ní bhíonn caidreamh aige ar lucht na heagna.

Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t‑aineolaí san airdeall; ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige.

Ná déan an fhírinne riamh a dhíol, ach í a cheannach, mar an gcéanna le heagna, le smacht, agus le tuiscint.

Ná cuir caint amú ar amadán, mar nach dtuigfidh sé ciall do ráite.

An té a cheartaíonn duine eile gheobhaidh sé níos mó fabhair ar deireadh ná fear an bhladair.

An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.

D'fhan na daoine ina dtost gan focal astu, óir ba é a d'ordaigh an rí dóibh: “Ná tugaigí freagra air.”

Ná bíodh fuath agat i do chroí do do chomharsa, ach déan a choir a chur ar a shúile dó os ard; fágfaidh sin thú gan peaca a ghabháil ort féin.

Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”

“Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí