Éistigí, a phobala uile; cloisigí, a dhomhain agus a bhfuil ann. Tá an Tiarna Dia le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidh nuair a bhuailfidh sé amach óna phálás naofa.
Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.
Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.
Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d'fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.
Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.