Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 8:35

An Bíobla Naofa 1981

Óir an té a gheobhaidh mise, gheobhaidh sé an bheatha, agus gnóthóidh sé gnaoi an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

An té a éisteann liomsa, mairfidh sé go sochma, beidh sé ar a shuaimhneas, gan eagla air roimh aon urchóid.”

Bíonn gnaoi an Tiarna ar an duine cóir, ach daorann sé fear na ndrochbheart.

An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas, agus bíonn fabhar aige ón Tiarna.

Beidh siad mar bheatha ag d'anam, agus mar ornáid faoi do bhráid.

Beidh fabhar agus dea-cháil ort dá bharrsan, i láthair Dé agus daoine.

Beir greim docht ar an dea-theagasc, agus ná lig uait é; cosain é ós é do bheatha é.

Óir is beatha iad don mhuintir a aimsíonn iad, agus is sláinte iad don cholainn ar fad.

Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh; siúlaigí ar bhealach na tuisceana.”

Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu.

Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.

Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t‑aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.

Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.

An té a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoraí aige. Ach an té nach gcreideann sa Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.”

trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.

Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t‑iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú

Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí