Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 8:32

An Bíobla Naofa 1981

“Anois, a chlann mhac, eistigí liomsa; is méanar don mhuintir a leanann de mo bhealaí.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

mar choinnigh mé slite an Tiarna, agus níor thug mé cúl go mailíseach le mo Dhia.

Deir Abadón agus an Bás: “Ní bhfuaireamar ach clos tráchta uirthi.”

Amhrán Oilithreach. 1 Is aoibhinn do chách lenarb eagal an Tiarna, agus a shiúlann ina shlite.

Chúitigh an Tiarna m'fhíréantacht liom; thug luach saothair dom de réir glaine mo lámh,

San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian; ach is beannaithe an té a choimeádann an dlí.

Is méanar don té a aimsíonn an eagna, agus don té a fhaigheann greim ar an tuiscint,

Crann na beatha í do lucht a sealbhaithe, agus is méanar dóibh siúd a choimeadann greim uirthi.

Éist liomsa anois, [a mhic], agus ná scar le briathra mo bhéil.

Éist liom anois, [a mhic], agus tabhair aird ar bhriathra mo bhéil:

Ach dúirt sé: “Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí