Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 8:29

An Bíobla Naofa 1981

Agus ag ceapadh teorann don fharraige, chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht, agus ag leagan síos dúshraith na cruinne.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n‑uiscí, Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.

Chuir tú an talamh ina sheasamh ar a bhonn; ní dhéanfar a bhogadh go brách na breithe.

Chuir tú teorainn leo nár chead dóibh dul thairsti, sula bhfolaidís an talamh as úire.

Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna, óir maireann a bhuanghrá go brách.

Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal, agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.

Bhunaigh an Tiarna an chruinne ar a máithreacha le barr eagna, agus le barr tuisceana dhaingnigh sé na spéartha.

Agus ag socrú na scamall lastuas, agus ag daingniú foinsí an duibheagáin,

Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.

D'fhreagair Pioláit: “An rud atá scríofa agam, tá sé scríofa.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí