Is fearr mo thoradh ná ór dá fhíre, agus mo fhómhar ná togha an airgid.
Ní féidir í a cheannach ar ór, Ná díol aisti le meáchan airgid.
Tópás na hAetóipe ní ionann agus í, Ná ní féidir í a mheas leis an ór fíre.
Togha an airgid ghil í teanga an fhíréin; ní fiú tráithnín aigne an urchóidigh.
Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór; tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.
Is mó an sochar a ghabhann léi ná leis an airgead agus is mó a tairbhe ná an t‑ór.
Glac le smacht uaimse in áit an airgid, agus le heolas in áit togha an óir.
Siúlaim i mbealach na fíréantachta, i mbealaí na córa,
Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu.