Moladh leis an Tiarna do Dhia, a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar ríchathaoir Iosrael thú. De bhrí go raibh grá bithbhuan ag an Tiarna d'Iosrael, rinne sé rí díotsa chun an chóir agus an ceart a riar.”
Tabhair do do shearbhónta croí tuisceanach le do phobal a rialú, chun an mhaith a aithint thar an olc; óir cé a d'fhéadfadh a bheith i gceannas ar an bpobal seo agat atá chomh líonmhar sin?”
Rinne na reachtairí sin bia a sholáthar do Sholamh agus dóibh siúd go léir dár thug sé cuireadh go bord an rí Solamh, gach reachtaire ar feadh míosa; rinneadar deimhin de nach mbeadh aon ní in easnamh.
Dúirt Dia le Solamh: “De bhrí gurb é seo a bhí i do chroí agus a d'iarr tú, agus nach saibhreas, ná stór, ná onóir, ná bás do naimhde, ná fiú fad saoil, ach eagna agus tuiscint duit féin, le mo phobal ar ar chuir mé thú mar rí a rialú,
Cuirfidh mé do bhreithimh ar ais mar bhí siad cheana, do chomhairleoirí mar bhí siad anallód. As sin amach, glaofar cathair na córach ort, an chathair fhíréanta.”
Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus b'shiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar Dílis agus Fírinneach, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.
Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”