Éist liom anois, [a mhic], agus tabhair aird ar bhriathra mo bhéil:
Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liom go múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.
Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar; ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.
Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar; tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn.
Éist liomsa anois, [a mhic], agus ná scar le briathra mo bhéil.
A chlann ó, táim mar bheinn ar luí seoil libh arís nó go gcumtar Críost ionaibh.
A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.