Leanann sé í de gheit, faoi mar a rachadh damh chun a mharaithe, Nó mar a rachadh fia i ngaiste,
Cuireann tú mo chosa i gceap, Agus faireann tú mo bhealaí go léir, Agus tugann tú aird ar rian mo chos.
Ach níl splinc céille ag an adhaltrach; déan mar é, agus scriosfaidh tú thú féin.
Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach, agus áitíonn air lena plámás séimh.
nó go gcuirfí saighead ina ionathair; Nó mar a sceinnfeadh éan i súil ribe gan a fhios aige go bhfuil an bás faoina chomhair.
D'ordaigh Paischiúr Irimia a bhualadh agus a chur sna ceapa ag Geata Bhiniáimin, geata uachtair Theampall an Tiarna.
Agus sagart Shéas, a bhfuil a theampall lasmuigh den bhaile, thug sé féin agus an pobal tairbh agus bláthfhleasca go dtí na geataí d'fhonn íobairt a dhéanamh.
Nuair a fuair an coimeádaí an t‑ordú sin, chuir sé iad sa chillín ba fhaide isteach agus dhaingnigh a gcosa i gceap adhmaid.