Lá dá raibh Eilíseá ar a bhealach go Siúnaem, chuir bean uasal a bhí ina cónaí ann tathant air fanacht agus tráth bia a bheith aige ann. As sin amach dhéanadh sé moill i gcónaí le haghaidh béile nuair a thagadh sé an bealach sin.
Agus dúirt an máistir leis an seirbhíseach: ‘Téigh amach ar na bóithre agus le hais na bhfál, agus cuir d'fhiacha orthu teacht isteach, ionas go mbeidh mo theach lán.
agus rinne siad tathant air á rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu.
Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, á rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí d'fhiacha orainn dul isteach.
Is é grá Chríost atá dár dtiomáint ón uair a d'aithníomar go bhfuair aon duine amháin bás ar son cách uile agus dá réir sin go bhfuil an uile dhuine tar éis bháis.
Bhí sí ag sileadh na ndeor os a chomhair ar feadh na seacht lá a mhair a bhféile, agus ar an seachtú lá d'inis sé an freagra di mar gur lean sí uirthi chomh dian sin. Ansin d'inis sise freagra an tomhais dá muintir.
Ach ní dhéanfadh; “Ní íosfaidh mé greim,” ar sé. Ach lean na giollaí orthu, agus an bhean chomh maith leo, ag tathant air, agus ghéill sé dóibh. D'éirigh sé ón talamh, agus shuigh ar an leaba.