Óir níl m'fhear céile sa bhaile, ach é imithe ar aistear fada.
Tar! bímis ag ól ár sáith de dheoch an ghrá go maidin; bíodh suáilceas an ghrá againn.
Thug sé mála airgid leis; fillfidh sé abhaile leis an lánré.”
Fáiltíonn banadhaltrach roimh choimhthígh in áit a céile féin.
Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí:
“Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb'eol don fhear tí cén t‑am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh.
Agus má deir an drochsheirbhíseach sin ina chroí: ‘Tá mo mháistir ag déanamh moille,’
Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mb'eol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach.