Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 7:13

An Bíobla Naofa 1981

Beireann sí greim air agus pógann é, agus deir sí leis lena gnúis mhínáireach:

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Rug an bhean ar bhrat air agus dúirt: “Luigh liom.” Ach d'fhág sé a bhrat ina láimh agus theith uaithi as an teach amach.

agus tar éis tamaill leag bean a mháistir súil na dúile ar Iósaef agus dúirt leis: “Luigh liom.”

Fuascail mé ó lucht déanta na hurchóide agus saor mé ó lucht doirte fola.

Bíonn gothaí na muiníne ar an urchóideach; déanann an fíréan a bhearta féin a mheá.

Glaonn sí orthu siúd atá ag gabháil thar braid agus iad i mbun cúraimí an lae:

Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm, is é sin an fáth nach mothaím an masla. Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas, bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.

Tugtar bronntanais don striapach. Ach is tusa a thugann na bronntanais do d'aos grá uile; fostaíonn tú iad don striapachas ó gach uile aird.

Is sotalach ceanndána an pobal iad fosta; seolaim chucu thú agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia.’

Ná bíodh eagla ortsa rompu, a mhic an duine; ná bíodh eagla ort nuair a deir siad: ‘Tá dealga thart ort agus scairpeanna fút.’ Ná bíodh eagla ort roimh a mbriathra ná eagla roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.

Chuir Iosrael fúthu i Sitím, agus chrom na daoine ar striapachas a dhéanamh le hógmhná Mhóáb.

“Féach,” ar sé, “is iadsan an dream ceannann céanna a thug ar chlann Iosrael, trí chomhairle Bhalám, dul amú agus an Tiarna a shéanadh i ngnó úd Pheór, agus sin é mar a bhuail an phlá comhthionól an Tiarna.

Ach tá sé seo agam i d'aghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann banfháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha d'íola a ithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí