Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 6:6

An Bíobla Naofa 1981

A leisceoir, téigh chun an tseangáin; déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Is fánach é an líon a leathadh agus an t‑éan ag faire.

Dála an fhínéagra leis na fiacla, nó an deataigh leis na súile, sin mar bhíonn ag an leadránaí leis an té a sheol é.

Leanann an bhochtaine an lámh gan fhuaimint, ach tuilleann an lámh fhuinniúil maoin.

Bíonn an leisceoir ag tnúthán, ach ní bhíonn dada ina chomhair; ach bíonn an saothrach sáitheach.

Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí, ach is ród réidh cosán [na ndícheallach].

An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí, is deartháir é don scriosadóir.

Cuireann leisce duine i dtoirchim suain, ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin.

Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias, ach ní bhacann le hé a bhreith chun a bhéil.

Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir; beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.

Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin, mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh.

“Tá leon lasmuigh,” a deir an leisceoir! “Marófar sa tsráid mé!”

Éist liom, a mhic, agus bíodh ciall agat, agus stiúraigh do chroí i slí [na gaoise].

Tá ceithre nithe ar an talamh atá bídeach, ach is acu atá togha na gaoise:

Na seangáin, treibh gan neart iad, ach sa samhradh déanann siad deimhin dá soláthar:

An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir? cathain a éireoidh tú ón suan?

Tá aithne ag an mart ar a úinéir, agus ag an asal ar chliabhán a mháistir, ach ní aithníonn Iosrael aon ní, ní thuigeann mo phobal dada.”

Fiú amháin an chorr bhán sa spéir bíonn fios a haimsire aici; comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas, am a dteachta. Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.

Dúirt a mháistir leis á fhreagairt: ‘Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh:

“Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná iad sin?

bígí dúthrachtach gan leisce, ar lasadh leis an Spiorad, agus ag seirbhís don Tiarna.

Níor mhaith linn go n‑éireodh sibh leisciúil ach go ndéanfadh sibh aithris ar na daoine atá ina n‑oidhrí, de bharr a gcreidimh agus a bhfadfhulaingthe, ar na maitheasaí a gealladh dóibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí