Fuascail thú féin mar a dhéanfadh eilit ó ghaiste, nó éan ó láimh an fhoghlaera.
Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m'anam: “Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”
Sciobadh ár n‑anam amhail éan as líon na bhfoghlaeirí. Go deimhin, briseadh an líon; agus d'imíomar slan.
Saorfaidh seisean thú ar ghaiste an fhoghlaera, ós é atá [ar tí do mhillte].
Is fánach é an líon a leathadh agus an t‑éan ag faire.
Agraím oraibh, a mhná Iarúsailéim, dar fia agus eilití na má, Ná corraigí, ná músclaígí mo rún go dtograí sí féin.
Cosúil mo ghrá le heilit nó le fia óg ag léim. Sin é lasmuigh anois é, ag féachaint isteach an fhuinneog, Ag faire agus ag glinniúint.