Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 6:31

An Bíobla Naofa 1981

Ach, má bheirtear air, ní foláir dó cúiteamh faoi seacht, agus maoin a thí go léir a thabhairt suas.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

“Cibé más ea,” arsa an Tiarna leis, “a mharóidh Cáin, déanfar é a dhíolt air faoi sheacht.” Agus chuir an Tiarna marc ar Cháin ionas nach maródh aon duine a thiocfadh air é.

Caithfidh sé an t‑uan a aisíoc faoi cheathair, as ucht a leithéid a dhéanamh agus sin gan trua gan taise.”

Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair; Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine.

Cúitigh, a Thiarna, faoi sheacht lenár gcomharsana; an aithis urghránna a chas siad leatsa.

déanadh úinéir an phoill cúiteamh. Tugadh sé airgead don úinéir, agus bíodh an conablach aige féin.

Agus ó tharla gan an t‑íoc a bheith aige, d'ordaigh an maistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t‑íoc a dhéanamh.

Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí