Má chuir do chuid cainte i ngreim thú, má chuir briathra do bhéil faoi chuibhreach thú,
Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste; ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.
Scriosann béal an amadáin é féin, agus is gaiste dó a bheola.
A mhic, má chuaigh tú in urrús le do chomharsa, má chuaigh tú i mbannaí le strainséir,
Déan mar seo, a mhic, le thú féin a fhuascailt ós rud é go bhfuil tú faoi bhois do chomharsan: téigh go tapa, brostaigh, agus bí ag impí ar do chara.
Loisc íomhánna snoite a ndéithe, gan dúil a chur san airgead ná san ór a chlúdaíonn iad, ná é bhreith leat duit féin le heagla go mba ghaiste duit é, óir is gráin leis an Tiarna do Dhia é.