Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 6:16

An Bíobla Naofa 1981

Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna, agus is gráin lena chroí seacht gcinn:

Féach an chaibidil Cóip

34 Tagairtí Cros  

Dhoirt Manaise an oiread sin d'fhuil neamhchiontach gur líon sé Iarúsailéim ó cheann ceann, gan trácht ar na peacaí inar sheol sé Iúdá i dtreo go ndearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

Déanfaidh sé thú a fhuascailt faoi a sé ó thrioblóid, Agus faoi a seacht, ní bhainfidh urchóid leat.

Féachann an Tiarna an fíréan is an t‑ainfhíréan, is fuath leis fear an fhoréigin.

Is gráin leat lucht oibrithe an oilc; scriosann tú lucht éithigh. Is fuath leis an Tiarna an fear fuilteach agus an cealgaire claon.

Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach, ach is gean leis an meáchan cóir.

Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí; is geal leis an mhuintir nach cam cosán.

Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh; ach is gean leis lucht labhartha na fírinne.

An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh, is gráin leis an Tiarna iad araon.

Meáchan anseo, a mhalairt ansiúd; tomhas anseo tomhas eile thall; is gráin leis an Tiarna iadsan araon.

Is fuath leis an Tiarna malairtí meáchan; ní maith iad na meánna fealltacha.

Súile uaibhreacha agus croí díomasach, is lóchrann drochdhaoine iad agus níl iontu ach peaca.

Óir is fuath leis an Tiarna an duine urchóideach; is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún.

Tá trí nithe a théann díom a thuiscint, agus ceithre cinn nach mbainim ciall astu:

Baineann trí nithe crith as an talamh, agus tá ceithre cinn nach féidir leis cur suas leo:

Tá ceithre nithe ar an talamh atá bídeach, ach is acu atá togha na gaoise:

Tá trí nithe ann le céim mhaorga, agus ceithre cinn go deimhin le hiompar stáidiúil:

Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan; déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas.

Súil an uabhair, teanga an éithigh, lámha a dhoirt fuil neamhchiontach,

Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas.

Ach bíodh a fhios agaibh seo go dearfa, má chuireann sibh chun báis mé, go dtabharfaidh sibh go deimhin fuil neamhchiontach oraibh féin, ar an gcathair seo agus ar a muintir, óir go fírinneach sheol an Tiarna mise chugaibh a labhairt na mbriathra seo uile in bhur gcluasa.”

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Eadóm, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomh agus gur rad uaidh gach uile thrua, go mbíodh sé i gcónaí confach agus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Damaisce, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur lasc siad Gileád le súiste iarainn,

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Ghazá, In éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar an bpionós. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm,

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Tuíre, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Mhóáb, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí go ndearna sé luaith de chnámha rí Eadóm,

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iúdá, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarna agus nár choinnigh siad a aitheanta, ach gur chuir na déithe bréige a lean a n‑aithreacha ar seachrán iad,

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iosrael, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgead agus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán,

ná beartaíodh aon duine agaibh olc ina chroí in aghaidh a chomharsan; agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige; óir, is fuath liom na nithe sin go léir,” a deir an Tiarna.

Ná tabhair tuarastal striapaí ná pá madra go teach an Tiarna do Dhia mar fhuascailt ar aon sórt móide; is fuath leis an Tiarna do Dhia iad araon.

ní ceadmhach dá céad fhear, a chuir uaidh í, í a ghlacadh ar ais anois mar bhean ós rud é gur truaillíodh í ar an gcuma seo. Óir is fuath leis an Tiarna é sin agus ná tabhair ciontacht ar an tír a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht.

Óir aon duine a dhéanann nithe den sórt sin, agus a dhéanann éagóir, is fuath leis an Tiarna do Dhia é.

Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí