Bíodh beagán suain, beagán codlata agat; fill do lámha, ábhar, ar mhaithe le socracht,
Cuireann leisce duine i dtoirchim suain, ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin.
Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile; bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat.
Óir lomann an pótaire is an craosaire iad féin, agus ní fhágann an mhíogarnach ach balcaisí ar dhroim duine.
A leisceoir, téigh chun an tseangáin; déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat.
An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir? cathain a éireoidh tú ón suan?
Snaidhmeann an t‑amadán a lámha ina chéile agus ní bhíonn an rath air.