Nó imeoidh d'onóir le daoine eile agus blianta do shaoil le duine gan trócaire,
Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta.
Ná caith do neart go léir le mná, ná do [leasracha] leis an lucht millte ríthe seo.
Agus cothófar coimhthígh ar do chuid, rachaidh do shaothar chun sochair teaghlaigh strainséartha,
Stiúir do chúrsa i bhfad uaithi; agus ná téigh in aon ghiorracht do dhoras a tí,
Is féidir striapach a cheannach ar chanta aráin, ach is ar bheatha mhórluaigh a bhíonn tóir ag an adhaltrach.