Faigheann sé bás cheal smachta, agus téann sé amú le barr baoise.
Ach mura ndéanann siad, maraítear le faobhar claímh íad, Agus buaileann an bás iad gan choinne.
Staitear [pionna] a mbotha Agus faigheann siad bás d'uireasa eagna.”
Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór; níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom.
Tabharfaidh sé a n‑urchóid sa mhullach orthu, agus scriosfaidh iad lena mailís féin; millfidh an Tiarna ár nDia iad.
Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh, agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.
Beathaíonn béal an fhíréin mórán daoine, ach faigheann amadáin bás le díth céille.
Moltar duine ar fheabhas a chéille; ach bíonn dímheas ar fhear an droch-chroí.
Bíonn an croí gan stuaim sásta lena imeachtaí féin, agus an fear cóir le fómhar a bheart.
Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.
An té a théann ar fán ó chosán na tuisceana, ligfidh sé a scíth i gcomhluadar na scáileanna.